Athaimsiú na Gaeilge i rith an dianghlasála

Darragh och Mark. Foto: Ben Lennon

Tá úsáid na Gaeilge ag laghdú sna Gaeltachta, ach tá sí ag fás i gceantair uirbeacha agus i measc diaspora mhuintir na hÉireann. Do Lyktan, déanann Ben Lennon machnamh ar a mhian athcheangal a dhéanamh leis an Gaeilge, fonn atá aige mar an gcéanna le go leor dá chomhthírigh thar lear.

Mark: “An meas tú an fiú cúpla amhrán Gaeilge a fhoghlaim i gceart?”
Mé féin: “Céard chuige a ndéanfadh muid sin?”
Mark: “Ba chóir dúinn é a dhéanamh. Bheadh tairbhe ann.”
Darragh: “Is dócha go bhfuil an ceart agat.”
Mé féin: “Maith go leor”.

Comhrá é seo a bhí agam le beirt seanchara ó Bhaile Átha Cliath agus muid amuigh ag siúl i Londain, áit a bhí faoi dhianghlasáil ag an am agus a bhfuil cónaí ar an triúr againn anois.

I mo thaithí féin agus i dtaithí na ndaoine eile ar labhair mé leo ar an ábhar seo, tá an caidreamh le hÉireann ceangailte leis an teanga agus leis an imirce. Tá cónaí ar dhuine i ngach seisir a rugadh in Éirinn thar lear, an uimhir is airde san OECD. Tá taithí ar leith ag aosaigh óga na hÉireann ar an imirce. Go deimhin tá an imirce ina chuid de chultúr na hÉireann leis na céadta bliain. Gnáthchuid den saol atá ann do dhaoine as gach cearn den tír agus gach aicme den tsochaí.

An difear idir mo thaithí féin agus an taithí atá ag an gcuid is mó de mo chuid cairde ná gur fhreastail mé ar bhunscoil lán-Ghaelach. Ní fhreastlaíonn ach thart ar 10 faoin gcéad de scoláirí bunscoile na hÉireann ar ghaelscoileanna. Tá an uimhir sin níos lú arís i mBaile Átha Cliath. Caithfidh gach duine staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge go dtí go gcríochnaíonn siad ar an meánscoil ach níl inti ach ábhar amháin i measc seacht nó ocht n-ábhar agus tá roinnt mhaith daoine ann a bhfuil dearcadh diúltach acu i leith na Gaeilge agus a déarfadh go múintear go dona í ar scoil. Mise an t-aon duine amháin i measc cúigear is daichead imo bhliain mhéanscoile a bhí in ann Gaeilge a labhairt go líofa, mar sin ní raibh orm riamh obair bhaile a dhéanamh agus bhraith mé mar chara ag mo mhúinteoirí seachas scoláire.

Nuair a chríochnaigh mé ar scoil d’éirigh mé as mo chuid Gaeilge a úsáid go hiomlán. Níor smaoinigh mé riamh air i ndáiríre. D’fhoghlaim mé Fraincis agus d’aistrigh mé go Páras. D’aistrigh mé ansin go Londain. Ina dhiaidh sin d’asitrigh mé go Stócólm agus chuaigh mé ag obair i mbeár trí Shualainnis uafásach lag. Bhain mé an-sásamh as a bheith sáite sna cultúir úra seo agus níor smaoinigh mé mórán ar mo chultúr féin. Níor labhair mé Gaeilge ach le cairde os comhair stráinséirí, ar an gcóras iompar poiblí den chuid is mó. Chuala mo cháilin Sasanach mé á labhairt don chéad uair riamh thart ar sé mhí tar éis dúinn tosnú ag siúil amach lena chéile agus muid ar Mheitreo Londan le mo pháirtí tí, agus bhí mearbhaill uirthi.

Lily. Foto: Ben Lennon

Tá caidreamh den chinneál céanna ag Lily, cara liom ón ollscoil, leis an nGaeilge ach tá difríochtaí eadrainn ón taobh seo chomh maith. D’fhás Lily aníos i gceantar Gaeltachta, ceantar ina bhfuil an Ghaeilge fós mar phríomhtheanga, nó ar chomhchéim leis an mBéarla. Tá cónaí ar thart ar 2% de dhaonra na hÉireann sa Ghaeltacht. Fuair Lily a cuid scolaíochta go hiomlán trí Ghaeilge, labhraíonn clann a hathar Gaeilge lena chéile agus b’aoibhinn léi an oilteacht a bhain sé amach ar an nGaeilge faoin am a raibh sí ocht mbliana déag d’aois. Nuair a d’aistrigh sí go Baile Átha Cliath don ollscoil bhí náire uirthi faoin teanga. Agus mé ag foghlaim Fraincise, bhí Lily ag foghlaim Spáinnise. Tá an bheirt againn ar aon intinn go raibh muid den tuairim ag an am go raibh rud éigin seanaimseartha faoin nGaeilge, agus narbh fhiú tabhairt fúithi inár saolta úra fásta. Bhraith muid go raibh an teanga fite fuaite leis an óige agus bhí muid gafa ag iarraidh bheith saolta. Shíl muid go bhféadfadh muid filleadh ar ais ag an teanga am ar bith. Shíl muid an tráth sin nach n-éalodh an aimsir.

I gcás Lily tharla sé díreach nuair a chríochnaigh sí ar an ollscoil agus d’aistrigh go Nua Eabhrac. Tar éis di imeacht ó Éirinn thuig sí den chéad uair go bfhéadfaí go gcaillfeadh sí léargas ar leith ar an saol gan an Ghaeilge. Ghlac sí páirt i gciorcal comhrá i bhfoirgneamh ollmhór oifigí díreach in aice le Time Square. Bhí seisear Gael-Mheiriceánaigh sa ghrúpa a bhí ar scor agus nach raibh cónaí ar dhuine ar bith acu riamh in Éirinn ach a raibh máistreacht faighte acu ar an teanga. Bhí siad uilig tógtha go geanúil le duine a bhí óg agus a rugadh in Éirinn.

Dhiúltaigh mé féin freastail ar ghrúpaí mar sin pé áit a raibh mé. Bhí an meon agam fós go raibh an Ghaeilge seanaimseartha agus nach mbeadh suim agam dul thar lear agus cairde a dhéanamh le hÉireannaigh eile den chuid is mó. B’shin a rinne mé ar aon nós, ach cairde a bhí agam cheana féin ó Bhaile Átha Cliath a bhí iontu agus Béarla a labhair muid lena chéile. Táim ocht mbliana is fiche anois agus is dócha gur thosaigh an t-athrú mí an Mhárta seo caite ag tús dianghlasála Londan. Agus tuilleadh ama agam i m’aonar bheartaigh mé an Ghaeilge a fhoghlaim athuair. Dar ndóigh faoin am seo bhí deireadh tagtha leis na ciorcail chomhrá ar an láthair agus fós sílim gur uafásach an smaoineamh páirt a ghlacadh i gciorcal comhrá ar line.

Do dhaoine eile nár fhreastail ar scoileanna lán-Ghaeilge agus nach raibh líofacht acu riamh cosúil liom féin agus le Lily, tá deis dul i ngleic leis an teanga tríd an amhránaíocht. Dúirt Darragh agus Mark go mbeadh an iomarca iarrachta agus ama i gceist le dul agus cumas comhrá a bhaint amach athuair, cé gur mhaith leo a leithéid a dhéanamh. Bhí Mark den tuairim gur mó seans go ndéanfadh sé amhrán trí Ghaeilge tar éis oíche a chaitheamh i dteach tabhairne seachas dul i mbun comhrá.

Thoiligh Lily bualadh go rialta liom i rith an tsamhraidh agus Gaeilge amháin a labhairt liom agus ba dheas uaithi sin a dhéanamh, cé gur dóigh liom go raibh sí sásta a leithéid a dhéanamh de bharr truath a bheith aici dom. Bhí mise ar bís agus bhí Lily iontach foighneach. Tar éis dúinn bualadh le chéile den chéad uair agus dhá uair a chloig a chaitheamh taobh amuigh de theach tabhairne in Highbury ar oíche fhuar, bhraith mé gliondrach agus go raibh mé ag smaoineamh ar bhealach a bhí éagsúil ach a raibh aithne agam air ag an am céanna.

An rud is deacra faoin togra seo ná bhieth ag smaoineamh cén fiúntas a bhaineann leis, agus seans i ngan fhios dom féin gurbh é seo an fáth a raibh moill orm filleadh ar an nGaeilge. Toisc nach labhraítear go forleathan í, is ar mhaithe leis an teanga a fhoghlaim a leanfaidh mé orm á foghlaim. Cinnte go bhféadfainn feabhas a chur ar mo chud Fraincise nó ar mo chuid Sualainnise in ionad an Ghaeilge a fhoghlaim, le go mbeinn in ann na teangacha sin a úsáid ó lá go lá, breathnú ar scannáin agus comhrá a dhéanamh le cairde. I gcás na Gaeilge, sa chás is fear bheinn in ann leabhair a léamh agus comhrá a dhéanamh leis an mbeagán daoine a bhfuil teaghmháil agam leo fós agus a mbeadh suim acu a leithéid a dhéanamh. Níl sé ar intinn agam mo shaol a chaitheamh i Londain agus mar sin is dócha go mbeadh ciall áirithe ón taobh sin díriú ar líofacht a bhaint amach sa Fhriancis in ionad díriú ar an nGaeilge.

An méid sin ráite, is dócha gur léir anois dom go bhfuil seans ann go bhfuil mé tagtha ag pointe ar féidir liom gníomhú fós, agus nach mbeidh mé fós ag an bpointe seo sula i bhfad. Tá sé mar rún Athbhliana agam leabhair Gaeilge a léamh den chéad uair le deich mbliana anuas, agus seans chomh maith go bhfoghlaimeoidh mé na hamhráin sin le mo chairde ar mhaithe leis an gcraic. Cé gur tháinig athrú meoin orm féin agus ar Lily ag amanta éagsúla inár saolta, is dócha gur tháinig an t-athrú sin toisc dúinn bheith ag fás aníos. Tuigeann muid anois go n-éalóidh an aimsir agus go bhfuil an baol ann go dtiocfaidh tráth a mbeidh sé ródhéanach an líofacht a athaimsiú.

Ben Lennon • 2021-03-24
Ben Lennon är en skribent från Dublin som är mycket mer bekväm med att skriva om klimatförändringarna än om sig själv. Han bor för närvarande i London.